
Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (INTanna)
Is gníomhaíochtaí iad na INTanna gur féidir leatsa mar fheirmeoir ACRES, cur isteach orthu le tabhairt fúthu, trí do chomhairleoir feirme, áit go bhfaighfear íocaíochtaí ar na gníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích.
Cliceáil ar an gceannteideal thíos le cur síos a fháil ar na INTeanna sa ghrúpa sin, íoslódáil an sonraíocht nó féach ar an bhfíseán gaolmhar.
Leabhrán faoi INTeanna go ginearálta, féach ar an nasc.
Is féidir sonraíocht mionsonraithe faoi na gníomhaíochtaí ar fad a fháil anseo .
Féach na físeáin gaolmhar ó Acres Bhoirne Árann anseo ar ár leathnach acmhainní.
Water Provision
Water troughs, rainwater catchers, water storage tanks, solar water pumps and pasture pumps
Tá réimse buntáistí, do chaighdeán an uisce agus an bithéagsúlacht, ag baint le soláthar uisce maith, glan agus iontaofa a bheith agat sa bhuaile.
Is féidir trachanna a úsáid le beithigh a choinneáil amach ó toibreacha, sruthanna agus aibhneacha agus chun innilt i gceantair iargúlta den féar geimhridh a spreagadh.

Bainistiú Scrobarnaí
Réigiún nó stráice
I roinnt mhaith cásanna i tírdreach na hÉireann, cé go bhfuil scaipeadh scrobarnaí tairbheach don mbithéagsúlacht, is bagairt shuntasach é do na féarthailte uathúil agus neamhchoitianta a fhaightear sa Bhoireann agus na hOileáin Árann

Raithneach a choinneáil siar
Struimeáil nó meicniúil
Is féidir le raithneach dlúth bagairt a dhéanamh ar cheantair féarthailte speiceas-shaibhir. Tá maoiniú ar fáil len raithneach a choinneáil siar. Tá maoiniú ar fáil chun é a 'ghearradh' nó más féidir é a 'ghreadadh' i dtreo dheireadh na Bealtaine agus ansin arís tar éis 6 seachtainí.

Caomhnú Suíomhanna Chultúrtha Oidhreachta
Tá cliú agus cáil ar na hOileáin Árann agus an Bhoireann de bharr an saibhreas gnéithe seandálaíocha agus cultúrtha a fhaightear sa tírdreach. É sin ráite teastaíonn cothabháil agus cúram leanúnach uathu, agus tá íocaíocht aonuaire in aghaidh gach gné, ar fáil.

Boscaí Fiadhúlra
Boscaí scréachóg reilige, ialtóg, gabhlán gaoithe agus fáinleog
Má chuireann tú boscaí fiadhúlra isteach ar do fheirm, cuirfidh siad gnáthóg riachtanach ar fáil do speiceas éagsúla agus is féidir íocaíocht maith a fháil ina leith.

Srianadh Creimirí Saor ó Creimiricíd
Má theastaíonn uait creimirí a smachtú i do chlós feirme, tá gaistí le cumhacht gas mar rogha níos fearr ná baoite nimhe. Ní féidir creimiricíd a úsáid in áit a bhfuil boscaí scréachóg reilige curtha isteach, mar go bhfuil baol indíreach ann go nimheoidh tú na ulcabháin nuair bheidh siad ag greachadh ar na creimirí atá marbh nó ag fáil bháis. Oibríonn na gaistí seo go maith in éineacht le Boscaí Scréachóg agus Boscaí Beatha Soghluaiste.

Soláthar Beatha
Trachanna beatha soghluaiste agus boscaí stórála
Le linn míonna ocracha an Earraigh, nuair atá na beithigh fós ar an bhféar geimhridh tá an beatha Boirne níos fearr dóibh ná beatha sadhlais. Tá na gníomhaíochtaí seo deartha le feirmeoirí a spreagadh beatha mine a úsáid in áit beatha sadhlais ar an bhféar geimhridh.

€175.20/Bosca Soghluaiste Stóráil Beatha (físeán)
Bealach Isteach
Gairbhéal a chur ar na rianta buailteachas geimhridh agus gáitir arís
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rianta ann le bealach isteach do fheithiclí i gcomhair bainistiú beithigh ar na suíomhanna féar geimhridh atá iarghúlta agus ar thalamh ard, le linn laethanta ghairid an gheimhridh. Tá maoiniú ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar rannáin de rian atá ann cheana féin ach a bhfuil drochbhail air.
Ar thalamh níos fliche, is féidir gáitir a chur isteach ar rannáin de rianta nó crosairí draenála, áit gur féidir le feithiclí agus beostoic dul trasna tríd an uisce.

Deisiú Claíocha Cloch
Is gnéithe cultúrtha an-tábhachtach iad claíocha cloch sa Bhoireann agus na hOileáin Árann. Is féidir maoiniú a fháil le cuí a chur ar chlaíocha atá drochbhail orthu.

Fálta Sceach
Ag cur fálta sceach nua nó ag feabhsú cinn a bhfuil ann cheana féin.
Is gnáthóg fíor-thábhachtach do fiadhúlra iad fálta sceach agus cuireann siad foscadh agus scáth do bheostoic. Tá seans ann go mbéifeá in ann do scór a ardú agus íocaíocht a fháil trí fál sceach a chur isteach in áit sconsa.

Geataí
Geataí Oidhreachta nó Geataí Páirce
Tá geataí riachtanach i mbainistiú beostoic ar shuíomhanna iargúlta agus le pleanáil cruinn rachaidh geataí i dtairbhe go hindíreach ar na gnáthóga.

Sconsa/Fál
Sconsa/fál caorach, sreang dheilgneach nó leictreach seasta
Is gníomh riachtanach i mbainistiú na gnáthóga féaraigh is ea na teorainn a bhfuil ann a choinneáil stocdhíonach.

Sconsa/Fál
Sconsa/fál caorach, sreang dheilgneach nó leictreach seasta
Roghanna Crainn a chur
Úlloird Traidisiúnta, coillearnaí bheaga (160 nó 300 crann) nó cur 3 chrann
Tá réimse buntáistí ag baint le crainn a chur, don gabháil carbóin bithéagsúlachta, caighdeán uisce agus scáil. Tá maoiniú maith agus réimse roghanna ar fáil duit mar fheirmeoir ACRES CP.

Imill Bruachánacha
Tá buntáistí móra d'abhainn má chuirtear fál crios maolánach le taobh na habhann chun cead a chinn a thabhairt dó athfhás; trí cothaithigh a ghabháil, ag coinneáil an ithir le chéile, ag tabhairt scáil agus ag cruthú pasáiste don fiadhúlra. Is féidir leat fál leictreach seasta nó fál caorach a chur isteach le taobh na habhann agus tá íocaíocht breise ar fáil má roghnaíonn tú crainnte a chur sa chrios céanna sin.

Tacaíochtaí Gnáthóige d’Éin Fhiáine
Wild bird cover crop and wader scrapes
Bíonn stráicí clúdach d’éin fhiáine mar foinse iontach bia d’éin sa gheimhreadh agus do phailneoirí sa samhradh. Is féidir barr a chur ar thalamh glas.
Séard is logáin lapairí ná locháin éadomhain, atá carta le dhul i dtairbhe na lapairí ghoir, mar gur gnáthóga sealgaireachta maithe iad d’éin ar nós an crotach, nach bhfuil oiriúnach do thalamh aolchloiche nó in aice le foraoiseacht nó fál sceacha.

Coinleach geimhridh
Rogha maith do fheirmeoirí arúil, ceadaíonn an gníomhaíocht seo íocaíocht chun coinleach geimhridh a fhágáil ar thalamh arúil don gheimhreadh go dtí an 1ú Feabhra an bhliain dár gcionn.
